Home and Away

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is sobaldráma Astrálach é Home and Away (Sa Bhaile is i gCéin) a léirítear i Sydney na hAstráile ag Seven Network ón bhliain 1987 i leith. Dhírigh an clár ar charachtair Phippa agus Thom Fletcher a bhí i gceannas ar an Summer Bay Caravan Park agus a chónaigh ansin le scata páistí ar altramas, mhéadaigh scóp an chláir le himeacht aimsire cé go bhfuil sliocht na gcarachtar sin fós le feiscint sa chlár agus an Caravan park lárnach ann chomh maith. Craoltar an clár i mórán tíortha; an Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn, Éire, An Eastóin, an Fhrainc, an Iorua, an tSualainn, Iosrael agus roinnt mhaith tíortha de chuid na hÁise.