Hoiméapaite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cleachtadh míochaine a shaothraigh an lia Gearmánach Samuel Hahnemann go luath sa 19ú céad, ar na prionsabail go leigheasann rud riocht cosúil leis féin, agus go bhfeabhsaítear iarmhairt druga trí chaolú. Mar sin, dá dtabharfadh ródháileog druga ar leith siomptóim áirithe do dhuine, bheadh an druga sin, caolaithe go mór, oiriúnach d'othar leis na siomptóim chéanna. Níl aon fhianaise eolaíoch go n-éiríonn leis an gcur chuige seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hoiméapaite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 350.