Hipearnasc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is hipearnasc (nó nasc) ann ná tagairt ar leathanach gréasáin do phíosa eolais eile. Nuair a chliceáiltear ar hipearnasc, osclaítear an píosa eolais eile i bhfuinneog nua nó thar an leathanach a bhí á léamh agat. Déanann hipearnasc tagairt don URL don phíosa eolais sin. Go hiondúil léirítear hipearnasc i mbealach ar leith ar an leathanach gréasáin ionas go n-aithneoidh an léitheoir gur hipearnasc atá ann. Mar shampla, cuirtear líne faoi fhocal nó úsáidtear dath nó pictiúr ar leith. Is minic a bhíonn roghchlár ag láithreán gréasáin in áit faoi leith ar gach leathanach ionas go mbeidh sé éasca ag an úsáideoir nascleanúint a dhéanamh tríd an láithreán. Go hiondúil, léirítear hipearnasc ar an Vicipéid le cló gorm (gan líne faoi).

Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile