Hiodrachás

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Struchtúr buan chun uisce nó talamh bhog a choimeád amach as láithreán ina bhfuil dúshraith foirgnimh á leagan. Cineálacha éagsúla in úsáid: an hiodrachás oscailte atá oscailte ag a bharr is ag a bhun, an hiodrachás bosca atá oscailte ag a bharr is iata ag a bhun, agus an hiodrachás neomatach ina bhfuil seomra oibre le haer comhbhrúite ann chun an t-uisce a choinneáil amach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hiodrachás". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 347.