Hidetoshi Nakata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hidetoshi Nakata

Iar-imreoir sacair de chuid na Seapáine é Hidetoshi Nakata (中 田 英 寿 sa tSeapáinis) (rugadh é ar an 22 Eanáir, 1977 i Kofu). Bhí sé mar imreoir lár na páirce le roinnt clubanna san Eoraip chomh maith, agus le Bell Mare Hiratsuka ina thír dhúchais. Thuill a chuid imeartha clú agus cáil dó mar cheann de na himreoirí is fearr sa tSeapáin.

Ba é Nakata an t-aon duine Seapáineach a roghnaigh FIFA dá ngrádú den 125 peileadóir ab fhearr riamh, sa bhliain 2004, agus vótáileadh mar Imreoir na Bliana san Áise é sna blianta 1997 agus 1998.

Bhuaigh Nakata an Serie A le MAR Roma sa bhliain 2001 agus an bhliain ina diaidh an Coppa Italia le Parma FC.