Hibridiúlacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tagraíonn hibridiúlacht, sa chiall is bunúsaí, do rud de bhunadh nó de chomhdhéanamh measctha. Eascraíonn an téarma ón bhitheolaíocht agus bhí sé úsáidte ina dhiaidh sin sa teangeolaíocht agus sa teoiric chiníoch sa naoú haois déag. Anois, úsáidtear an téarma seo ar fud na disciplíní acadúla iomadúla agus tá sé ina ghné shuntasach i gcultúr coiteann na linne seo.

Míníonn an t-airteagal seo stair na hibridiúlachta agus a mórphlé teoiriciúil i measc na díospóireachtaí in ábhair a bhaineann le cine, iarchoilíneachas, féiniúlacht (eolaíocht shóisialta), frithchiníochais, ilchultúrthacht, agus domhandú. Léiríonn an t-airteagal seo forbairt na reitrice hibridiúlachtaí ó bhitheolaíochta go dtí an plé ar chúrsaí cultúrtha.