Hermann Weyl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Matamaiticeoir a rugadh in Elmshorn na Gearmáine, a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe ó 1933 ab ea Hermann Weyl (1885-1955). Chuidigh sé go mór le fealsúnacht na matamaitice, teoiric dromchlaí Riemann, teoiric samhlú grúpaí Lie, agus bunús matamaiticiúil na coibhneasachta is na meicnice candamaí a chur ar aghaidh. Chuir a leabhar cáiliúil Symmetry (Siméadracht, 1952) síos ar an ngaol idir teoiric na ngrúpaí is siméadracht i bpatrúin is dearadh.