Henry Bessemer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Henry Bessemer
Henry Bessemer.jpg
Henry Bessemer
Dáta breithe 19 Márta 1813
  Charlton, Hertfordshire, Sasana
Dáta báis 15 Márta 1898
  Londain, Sasana
Náisiúntacht Briotanach
Réimsí Innealtóireacht
Iomráiteach do Próiseas Bessemer

Innealtóir is ceapadóir a rugadh i Charlton Shasana ab ea Henry Bessemer (19 Eanáir 181315 Márta 1898). Innealtóir agus ceapadóir a bhí in Anthony Bessemer, athair Henry, freisin. Chuir Anthony faoi sa Fhrainc mar ar oibrigh sé do Mhionta na Fraince. Ceapadh é ina bhall d'Acadamh Eolaíochta na Fraince in aois a 26 bliana as feabhsú a rinne sé ar an micreascóp optúil. Bhí air filleadh go Sasana nuair a bhris Réabhlóid na Fraince amach.

D'oibrigh Henry i dteilgcheárta a athar, agus mar fhreagairt ar an éileamh mór ar ghunnaí do chogadh na Crimé (18531856) bhain sraith paitinní amach ar phróiseas nua chun muciarann leáite a thiontú i gcruach (próiseas Bessemer).