Henri Edouard Prosper Breuil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seandálaí a rugadh i Mortain na Fraince ab ea Henri Edouard Prosper Breuil (1877-1961). Spéis ar leith aige in ealaín na bpluaiseanna, agus bhí sé freagrach as na pluaiseanna maisithe i gCombarelles is Font-de-Gaume sa Dordogne a nochtadh i 1901. Chuir a shaothar tús leis an staidéar ar ealaín Phailéiliotach.