Hendrik Antoon Lorentz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí teoiriciúil a saolaíodh in Arnhem na hOllainne ab ea Hendrik Antoon Lorentz (1853-1925). Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic i 1902 le Zeeman as a gcuid oibre ar radaíocht leictreamaighnéadach, airíonna leictreacha miotal, agus maighnéadas. Cosúil le Fitzgerald, a rinne an moladh céanna go neamhspleách i 1889, chuir sé i gcás go gcrapfadh réad i dtreo a ghluaisne, crapadh Fitzgerald-Lorentz, léargas a d'éascaigh an bealach do theoiric coibhneasachta Einstein.