Helios

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhaistear spáis idir an Iar-Ghearmáin is na Stáit Aontaithe chun staidéar a dhéanamh ar an meán idirphláinéadach, timpeall 0.3 AU ón nGrian (is é sin, taobh istigh d'fhithis Mhearcair). Thóg na Gearmánaigh dhá spásárthach agus lainseáladh ar fheithiclí Titan III-Centaur iad i 1974 is 1976. D'fhan siad ag obair go rathúil ar feadh 10 mbliain, ag tarchur sonraí go dtí stáisiúin talún na Gearmáine is córas NASA.