Heipitíteas B

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An víreas Heipitíteas B
Hepatitis B virus 01.jpg
Aicmiú eolaíoch
Fine: Hepadnaviridae
Géineas: Orthohepadnavirus
Speiceas: Hepatitis B

Is víreas é Heipitíteas B a théann i bhfeidhm ar an ae sna hominoidae, lena n-áirítear daoine. Ba chúis leis an víreas eipidéimí a leathadh i gcodanna na hÁise agus na hAfraice, agus tá sé eindéimeach sa tSín. Bhí an tríú chuid de phobal an domhain, níos mó ná 2 bhilliún duine, ionfhabhtaithe leis an víreas heipitíteas B.[1] Áirítear leis seo 350 milliún iompróirí ainsealach an víris. Scaiptear é trí theagmháil le fuil nó sreabháin choirp an duine atá ionfhabhtaithe. Is iad na daoine a raibh ina gcónaí sna réigiúin úd tráth na daoine is dóichí a d’iompródh an galar agus d’fhéadfaidís é a thógáil am ar bith óna mbreith ar aghaidh le linn na tréimhse a raibh cónaí orthu ansiúd. Is víreas é Heipitíteas B, a théann i bhfeidhm ar an ae agus bíonn sé in ann fíor-dhrochthinneas a chur ort. Is cúis leis an tinneas géar athlasadh an ae, urlacan, agus buíochán- agus go hannamh - an bás. Féadfaidh heipitíteas B ainsealach bheith ina chúis sa deireadh thiar le ciorróis ae agus ailse ae-galar marfach le freagra an-dona tar éis ceimiteiripe reatha.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. "Hepatitis B". World Health Organization.