Hector Ó hEochagáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHector Ó hEochagáin
Beathaisnéis
Breith17 Lúnasa 1969
54 bliana d'aois
An Uaimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Chlasaiceach Naomh Pádraig Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheGaillimh
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirTG4
Raidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

IMDB: nm0641392 Cuir in eagar ar Wikidata

Láithreoir teilifíse Éireannach as an Uaimh i gContae na Mí is ea Hector Ó hEochagáinHector. Bíonn cláir á gcur i láthair aige ar TG4 agus ar RTÉ. D'admhaigh sé le déanaí ar The Podge and Rodge Show go bhfuil 'Shane' mar chéadainm bunaidh aige. Tá éirithe leis suim nua a spreagadh i measc an phobail i leith na Gaeilge, leis an stíl láithreoireachta chraiceáilte bhríomhar réchúiseach atá aige i leith chúrsaí an tsaoil. Bíonn cláir á gcur i láthair aige anois as Gaeilge agus as Béarla.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh é san Uaimh, i gContae na Mí agus d'fhreastail sé ar St. Patrick's Classical School sa bhaile sin. Bhí sé ar scoil ann ag an am céanna leis na fuirseoirí clúiteacha ón Uaimh, Dylan Moran agus Tommy Tiernan. D'fhoghlaim sé an chuid is mó dá chuid Gaeilge i nGaeltacht Ráth Cairn le Coláiste na bhFiann sa chontae céanna agus in Inis Meáin. D'fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide ar feadh tamaill, ach níor thaitin saol na hollscoile leis agus d'éirigh sé as gan céim a fháil. Chuaigh sé go dtí an Spáinn lena chailín agus chaith sé trí bliana ansin, áit ar éirigh sé líofa sa Spáinnis.[1]

Gairm Bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sular bhain sé cáil amach mar láithreoir ar TG4, d'oibrigh an tEochagánach mar chúntóir éifeachtaí teicniúla ar an gclár 'The Haunting of Hell House' agus ar an gclár 'Knocking on Death's Door'.

Seo a leanas a chuid oibre mar láithreoir teilifíse ó shin:

  • RTÉ : Bhí na cláir Only Fools Buy Horses (2003) agus Hanging with Hector(2004) á gcur i láthair ag Hector ar RTÉ. Buaileann Hector le daoine cáiliúla sa chlár 'Hanging with Hector' agus leanann sé sa saol laethúil iad agus é ag labhairt leo as Béarla agus as Gaeilge. Bhuail sé le Bertie Ahern in eagrán amháin agus le fear eile na hUaimhe, Tommy Tiernan in eagrán eile. Ba léir gur chuir pearsantacht Uí Eochagáin as do Tiernan cuid áirithe ag an am agus é ag rá "Shut up" agus "Stop invading my aura" leis de shíor, le linn an agallaimh.
  • Fógraíocht: Glacann sé páirt i bhfógraíocht do rásaíocht na gcapall agus d'uisce beatha agus i bhfógraíocht a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge.[2]

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spreag Ó hEochagáin conspóid nuair a chuir sé as do dhaoine atá i gcoinne spórt fola, nuair a léirigh sé a mheas agus a shuim i dtrodaireacht tarbh ar an gclár Amú, agus é i Meicsiceo.[3]

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cónaí air i gcathair na Gaillimhe faoi láthair lena bhean chéile agus a bheirt mhac.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hector's World: on the Road with Ireland's Favourite Redhead, (Baile Átha Cliath 2006) ISBN 1-84488-110-5

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]