Heaptán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

C7H16, hidreacarbón alcáin le 7 n-adamh carbóin. 9 n-isiméir struchtúrtha ann, agus faightear an chuid is mó díobh sa chodán gásailíneach de pheitriliam. Bíonn ceann amháin acu, ar comhdhúil slabhra dhírigh é, n-heaptán, CH3CH2CH2CH2CH2CH2CH3, freagrach thar aon chomhdhúil eile as cnagadh in innill peitril.