Hawley Harvey Crippen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHawley Harvey Crippen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Meán Fómhair 1862
Coldwater, Michigan Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Samhain 1910
48 bliana d'aois
Príosún Pentonville, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Michigan Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreMíochaine mhalartach
Gairmhoiméapat, dochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
AthairMyron Augustus Crippen
Ciontaíodh idúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata

Ba lia Meiriceánach é Hawley Harvey Crippen (11 Meán Fómhair 186223 Samhain 1910), nó an Dr. Crippen, mar ab fhearr aithne air, a cuireadh chun báis i bpríosún Pentonville, i Londain Shasana de dheasca gur dhúnmharaigh sé a bhean chéile.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Crippen in Coldwater, Michigan, SAM. Cáilíodh é mar dhochtúir leighis agus ar feadh 28 bliain chleacht sé a ghairm in Detroit, Philadelphia agus i Nua-Eabhrac. Ba i Nua-Eabhrac a casadh air Cora Turner, cailín seacht mbliana déag d'aois.

Sa bhliain 1903 ghlac sé post mar bhainisteoir comhlachta leighis i Londain agus an bhliain dár gcionn phós sé Cora. Tamall gairid ina dhiaidh sin, áfach, thit sé i ngrá le Ethel Le Neve, comhoibrí agus bean dhóighiúil de réir gach cuntais, agus chinn sé ar a bhean chéile a mharú. I mí Feabhra 1910 thug sé miosúr marfach Scopolamine di, srac sé a corp óna chéile agus chuir sé i bhfolach i siléar é.

I mí Iúil tháinig an péas ar an gcorp. Idir an dá linn thug Crippen agus a bhean nua, a bhí gléasta in éide gasúir, a n-aghaidh ar Cheanada ar bord an SS Montrose.

Ar an drochuair, d'aithin duine dá comhphaisinéirí é agus nuair a chuaigh sé i dtír in Québec gabhadh é.

I gcultúr móréilimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]