Jump to content

Hawaiʻi (oileán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilHawaiʻi
Hawai'i (haw) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Siombail oifigiúilMetrosideros polymorpha Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósHawaiʻiloa (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 19° 35′ 24″ N, 155° 26′ 06″ O / 19.59°N,155.435°W / 19.59; -155.435
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheHaváí
Contae i HaváíContae Hawaii Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán198,449 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús19.02 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deNa hOileáin Haváíocha Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla10,434 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Tomhas131 km Cuir in eagar ar Wikidata (Amplada) × 150 km Cuir in eagar ar Wikidata  (Llargada) default
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
Airde4,205 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMauna Kea (en) Aistrigh (4,207.3 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is é Hawaiʻi (nó Haváí) an t-oileán is mó de na hOileáin Haváíocha san Aigéan Ciúin. Tugtar "an tOileán Mór" agus Oileán Haváí chun idirdhealú a dhéanamh ar an oileán agus stát Haváí. Tá Hawaiʻi in oirdheisceart na nOileán Haváíoch. Tá 4,038 míle cearnacha (10,458km cearnacha) san oileán agus tá 185,079 duine ina gcónaí ann. Is é Hilo, in oirthear an oileáin, an baile is mó ann agus príomhbhaile riaracháin Chontae Haváí.

D'fhás an t-oileán as 5 bholcán, mar atá, Kohala sa tuaisceart, Hualalai san iarthar, Mauna Kea agus Mauna Loa sa lár agus Kilauea san oirdheisceart. Is é Mauna Kea an sliabh is airde in Haváí uilig agus é 14,803 troigh (4,207.2 méadar) ar airde. Is é Mauna Loa (13,677 troigh nó 4,169 méadar) an dara sliabh is airde ann. Is iad Mauna Loa agus Kilauea an t-aon dá bholcán díobh atá beo.

Cósta Kohala agus radharc ar thrí bholcán: Mauna Kea, Mauna Loa agus Hualalai