Have I Got News for You

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Have I Got News for You
HIGNFY set empty.jpg
Seánra Coiméide, aoir
Fad na n-eipeasóidí 30 nóiméad
Foireann Ian Hislop (1990-inniu)
Paul Merton (1990-inniu)
Angus Deayton (1990-2002)
Teanga Béarla
Tír An Ríocht Aontaithe
Craoltóir BBC
Chéad rith 1990 – inniu
Méid eipeasóidí 401

Clár teilifíse Briotanach is ea Have I Got News for You, atá á craoladh ar an BBC ón bhliain 1990 i leith. Tráth na gceist greannmhar agus lán le h-aoir atá ann, ina phléann an duine ósta cúrsaí nuachta an lae leis an bheirt chaptaen agus aíonna na seachtaine. Is iad Ian Hislop, eagarthóir na hirise Private Eye, agus an fuirseoir Paul Merton na captaein rialta. Bhíodh Angus Deayton ann mar chathaoirleach, agus é ag cur an seó i láthair idir 1990 agus 2002, ach tugadh bata agus bóthar dó. Ó shin i leith, cuireann aoi nua an clár i láthair gach seachtain, mar shampla Jack Dee, Boris Johnson, Jeremy Clarkson, Dara Ó Briain agus Alexander Armstrong.

Tá clú agus míchlú araon ar an gclár, a chothaíonn conspóid agus leabhal go minic.

Tagairtí[athraigh | edit source]