Harry Potter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stampaí poist (le clúdaigh leabhair sa tsraith) a eisíodh sa bhliain 2007 sa Ríocht Aontaithe

Is é Harry Potter ainm an phríomhcharachtair i sraith leabhar do pháistí leis an údar Sasanach J. K. Rowling, agus an tsraith ainmnithe as an gcarachtar. Draíodóir óg is ea é Harry, agus an tsraith leabhar ag tabhairt cur síos ar na heachtraí a bhaineann leis i Scoil Hogwarts.

Tá seacht leabhar sa tsraith:

Tháinig an seachtú leabhar, Harry Potter and the Deathly Hallows, i gcló ar an 21 Iúil 2007. D'fhoilsigh Bloomsbury, an chuideachta foilsitheoireachta a chuir na leabhair Bhéarla i gcló, leagan Gaeilge den chéad leabhar sa tsraith, Harry Potter agus an Órchloch, sa bhliain 2004. Ba í Máire Nic Mhaoláin a chuir Gaeilge ar an mbuntéacs.

Scéal [athraigh]

Is é is ábhar do na leabhair ná eachtraí an bhuachalla óig Harry Potter a fhaigheann amach go tobann nach gnáthstócach é, ós rud é gur draíodóirí ab ea iad a mhuintir roimhe, agus gur dual dó féin bheith ina dhraíodóir, chomh maith. Draíodóir as an ngnáth é, fiú, nó táthar cinnte go bhfuil sé ar an t-aon duine amháin atá in inmhe an carachtar olc sa scéal, Voldemort, a mharú. Is iad Ron Weasley agus Hermione Granger an bheirt chairde is fearr atá aige. I rith na scéalta, feictear ag siúl amach le cúpla cailín é chomh maith, mar atá, Cho Chang agus Ginny Weasley. Is asarlaí sármhaith é Harry cé a d'éalaigh a bhás óna Tiarna Voldemort agus tá colm cruthaithe mar splanc tintreach ar a éadán ag meabhrú an oíche a rinne sé an éacht sin ach ar mí-ámharaí an tsaoil cailleadh a chuid tuismitheoirí nuair a mharaigh Voldemort iad go neamhthrócaireach. Le linn a shaol bhí bearna ollmhór doscriosta sa chroí ach bíonn comhghuaillithe an dhílis aige,Ron Weasley agus Hermione Granger. Tugtar iad tacaíocht agus tuiscint dó nuair a bhíonn siad ag teastáil uaidh agus tarlaíonn an iomarca eachtraí eatharthu. Rinne Harry cairdeas leis an phríomhoide urramach an tOllamh Albus Dumbledore an fear críonna agus gaoiseach agus chuir Dumbledore e faoi a choimirce. Ach fuair na daoine bas a bhi caidreamh dluth le Harry agus bhi cath an ollmhor aige leis a dheargnamhaid Voldemort . Mhill se na horcrux cuspai draiochta olc a cheil voldemort cuid da anam agus tar eis cath fiochmhar mharaigh harrz voldemort le geis marfach agus bhi se sona sasta leis a mhuintir agus a bean cheile Ginny sa todhchai.

Hogwarts [athraigh]

I dtús na sraithe, agus é tar éis a fháil amach go bhfuil sé ina ábhar draíodóra, tugann Harry aghaidh ar scoil na ndraíodóirí, Hogwarts. Albus Dumbledore atá ar phríomhoide na scoile.

Scannáin [athraigh]

Scannánaigh an comhlacht úd Warner Brothers na leabhair ar fad faoi Harry Potter, dha cheann faoin leabhar deireanach.