Harold Walter Kroto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i Wisbech Shasana is ea Harold Walter Kroto (1939-). Ag obair lena chomhghleacaithe Richard Smalley is Robert Curl ar ábhair leathsheoltacha, tháinig sé ar ábhar nua trí thimpiste. Ag eisídiú adaimh carbóin as dromchla le léas léasair, á bhfuarú is á sú isteach i bhfolús, móilíní le 60 adamh carbóin iontu, 70 adamh uaireanta, a fuair siad mar thoradh den chuid is mó. Ba é seo 3ú allatróp an charbóin, C60. Is iad graifít, a bhfuil cruth leatháin uirthi, is diamant, a bhfuil cruth teitrihéidreach air, an dá cheann eile. Chinn siad gur cruth cáis sféaraigh a bhí ar an allatróp nua, cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, cosúil le liathróid sacair agus adamh carbóin ag gach cúinne. Tús ab ea na fullairéiní nó millíní bucaí seo i 1985 le réimse torthúil lán-nua ceimice. Bronnadh Duais Nobel sa cheimic ar an triúr i 1996 as.