Harald zur Hausen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHarald zur Hausen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Márta 1936
Gelsenkirchen (Gearmáin na Naitsithe)
Bás29 Bealtaine 2023
87 bliana d'aois
Heidelberg, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bonn
Ollscoil Düsseldorf
Ollscoil Hamburg
Ollscoil Heidelberg Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreVíreolaíocht
Suíomh oibre Freiburg im Breisgau Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmvireolaí, múinteoir ollscoile, dochtúir leighis, oinceolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Erlangen-Nürnberg
Ollscoil Würzburg
Ollscoil Heidelberg
Ollscoil Freiburg
Ollscoil Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghearmáinis
Teaghlach
CéileEthel-Michele de Villiers (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is lia Gearmánach é Harald zur Hausen (rugadh 11 Márta 1936, d'éag 29 Bealtaine 2023) a bhain an Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 2008.

Saol agus Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é in Gelsenkirchen sa Ghearmáin, agus d'fhreastail sé ar meánscoil (Gymnasium) Vechta sular rinne sé staidéar ar leigheas i mBonn, Hamburg agus Düsseldorf.

Tar éis tamaill mar chúntóir leighis sa Ghearmáin bhog sé go Philadelphia, SAM áit ar chaith sé roinnt bliana sular fhill sé ar Ollscoil Würzburg mar ollamh i 1969.

Sa bhliain 1977 bhog sé go Ollscoil Freiburg, mar ar rinne sé chuir síos ar an baint idir HPV6 agus faithne na pite. Sa bhliain 1983 rinne sé an fionnachtain mhór go raibh dlúthbhaint idir HPV 16 agus 18 agus Ailse Muineál na Broinne.

De bharr seo is ea a bhronnadh an Duais Nobel air sa bhliain 2008. Lig an fionnachtain seo do thaighdeoirí an vacsaín in aghaidh ailse muineál na broinne a fhorbairt.

Roinn sé an Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Luc Montagnier agus Francoise Barré-Sinoussi a rinne fionnachtain ar an víreas atá taobh thiar de SEIF.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]