Har Gobind Khorana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bitheolaí móilíneach a rugadh i Raipur na Pacastáine (san India ag an am) is ea Har Gobind Khorana (1922-). Rinne sé taighde i Meiriceá Thuaidh ar shintéisiú núicléitídí, agus i 1970, an chéad sintéisiú géine saorga, saothar a bhí tábhachtach i réiteach an ghéanóim dhaonna. Le Robert Holley is Marshall Nirenberg, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/ míochaine i 1968 as an saothar seo.