Hans Reichenbach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Matamaiticeoir is fealsamh eolaíochta a rugadh i Hamburg na Gearmáine ab ea Hans Reichenbach (1891-1953). Rinne sé taighde ar theoiric na dóchúlachta agus d'fhoilsigh dhá leabhar shuntasacha ar fhealsúnacht, Philosophie der Raum-Zeit-Lehre (Fealsúnacht an Spáis is an Ama, 1927-1928) agus The Rise of Scientific Philosophy (Teacht Fhealsúnacht na hEolaíochta, 1951).