Hamilton, Ontario

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilHamilton, Ontario
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósGeorge Hamilton Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 43°15′24″N 79°52′09″W / 43.2567°N 79.8692°W / 43.2567; -79.8692
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaOntario Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán569,353 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús500.26 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deNiagara Peninsula (en) Aistrigh
Greater Toronto and Hamilton Area (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,138,110,000 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú9 Meitheamh 1846
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachHamilton City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistL0R, L8E-L8W, L9A-L9C, L9G-L9H, L9K Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinhamilton.ca Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: cityofhamilton Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair i gcúige Ontario, i gCeanada, é Hamilton, agus é suite ag ceann thiar Loch Ontario i lár theas an chúige. Calafort agus cathair mhór déantúsaíochta atá ann. Bhí 519,949 duine ina gcónaí i Hamilton sa bhliain 2011, 721,053 ar fad i mórcheantar na cathrach. Is é Fred Eisenberger méara Hamilton.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na hIndiaigh Neodracha a bhí ina gcónaí sa limistéar ina bhfuil Hamilton anois. Chuir na Mohawk, comhghuaillithe de chuid na Sasanach, cogadh orthu agus scrios siad bailte beaga na nIdiach Neodrach. Sa bhliain 1784, chuir timpeall agus 10,000 Dílseoirí ó na 13 Coilíneacht fúthu sa chuid sin d'Ontario. Tháinig níos mó Meiriceánach ar a sála, chomh maith lena lán Iroquois a throid sa chogadh ar thaobh na mBriotanach. Lonnaigh na hIroquois i gceantracha laistiar de Hamilton.

George Hamilton a smaoinigh ar bhaile mór a bhunú san áit. Rinneadh cathair de ar an 9ú Meitheamh 1846. Ar an 1ú Eanáir 2001, cuireadh cathair Hamilton le Wentworth agus bailte eile sa cheantar faoi aon bhardasacht amháin.

Geograife agus geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Hamilton suite sa réigiún is dlúithe tionsclaíocht i gCeanada, réigiún a shíníonn siar ó Hamilton go Torontó agus ar a dtugtar an Crú Capaill Órga (Golden Horseshoe) as an gcruth atá air ar an léarscáil. Déantar 60% de chruach Cheanada i Hamilton.

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh oifigiúil Hamilton