Hacraig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hacraig

Is baile i nGallaibh, Comhairle na Gáidhealtachd, i dtuaisceart na hAlban, é Hacraig (Béarla: Halkirk). Bhí dhá dhrioglann ag obair san áit tráth. Rugadh Alexander Keith (1795 - 1873), grúdaire Ceanadach, i Hacraig. Lonnaigh Keith in Halifax, Albain Nua, agus bhain sé aitheantas amach dó féin mar fhear polaitíochta agus grúdaireachta. Eisean a chruthaigh an bheoir Cheanadach úd India Pale Ale.