H. V. Evatt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Herbert Vere Evatt
EvattALP.jpg

Feisire Parlaiminte do Barton
In oifig
21 M. Fómhair 194022 Samhain 1958
Réamhtheachtaí: Albert Lane
Comharba: Leonard Reynolds

Feisire Parlaiminte do Hunter
In oifig
22 Samhain 195810 Feabhra 1960
Réamhtheachtaí: Rowley James
Comharba: Bert James

Dáta breithe 30 Aibreán 1894
  Maitland, NSW
Dáta báis 2 Samhain 1965
  Canberra, ACT
Páirtí Lucht Oibre

B’Astrálach é Herbert Vere Evatt (30 Aibreán 1894 - 2 Samhain 1965) agus é ina fhear dlí, ina pholaiteoir agus ina scríbhneoir. Ba é Uachtarán Thionól Mór na Náisiún Aontaithe é sna blianta 1948-49 agus chuidigh sé le Fógra Uilíoch na gCearta Daonna (1948) a scríobh. Ba é ceann Pháirtí Lucht Oibre na hAstráile (Australian Labor Party – ALP) é idir na blianta 1952 agus 1960, agus ceannaire an Fhreasúra dá bharr. Thugtaí "Bert Evatt" nó "Doc Evatt" air.

Evatt sa bhliain 1925

Óige agus oideachas[athraigh | edit source]

De shliocht Briotanach agus Éireannach é Evatt, agus rugadh é i Maitland i New South Wales. D’fhreastail sé ar Fort Street High School (scoil a bhfuil iomrá léi) i Sydney agus fuair scoláireachtaí ó Ollscoil Sydney, áit ar bhain sé amach céimeanna fealsúnachta agus dlí. Ba é Uachtarán Aontas na hOllscoile é sa bhliain 1916.

Cúrsaí a shaoil[athraigh | edit source]

Maraíodh beirt dearthár leis as Chéad Chogadh Domhanda, ach ní raibh Evatt in ann liostáil toisc an radharc a bheith go dona aige. Tháinig clú air mar dhlíodóir tionsclaíoch i Sydney agus é ag obair do cheardchumain de ghnáth: rinneadh abhcóide de chuid an Rí de.

Chuaigh sé le polaitíocht agus sa bhliain 1925 toghadh é mar bhall de Thionól Reachtais New South Wales le haghaidh Balmain i Sydney. Bhí sé ann go dtí an bhliain 1930, nuair a cheap rialtas James Scullin (ALP) mar ghiúistís de chuid Ard-Chúirt na hAstráile é, an giúistís ab óige a ceapadh riamh ann. Shíl a lán gur bhreitheamh éirimiúil treallúsach é, cé gur shíl daoine éigin go bhféadfadh sé a bheith claonta uaireanta.[1]

Sa bhliain 1934 rialaigh Evatt nárbh fhéidir leis an rialtas (ar cheann coimeádach é ag an am) Egon Kisch, iriseoir cáiliúil Cumannach, a choinneáil amach, toisc go raibh locht ar an ordú.[2]

Tháinig Robert Menzies, Ard-Aighne rialtas coimeádach Joseph Lyons, os comhair na cúirte ó am go ham, agus é féin agus Evatt ag argóint go borb le chéile i dtaobh ceisteanna dlí, rud a chuir tús le naimhdeas fada eatarthu.

Evatt (ar thaobh na láimhe clé) agus Ben Chifley (sa lár) le Clement Attlee (ar thaobh na láimhe deise) ag Comhdháil Cheannairí an Tiarnais agus na Breataine i Londain sa bhliain 1946

Sa bhliain 1940 d’éirigh Evatt as an Ard-Chúirt agus toghadh é mar Fheisire feidearálach do shuíochán Barton i Sydney. Tháinig an ALP i gcumhacht faoi threoir John Curtin sa bhliain 1941, agus rinneadh Ard-Aighne agus Aire Gnóthaí Seachtracha de.

Bhí Evatt páirteach i gcomhairlí taidhleoireachta na gComhghuaillithe i rith an Dara Cogadh Domhanda, agus is mór an lámh a bhí aige i mbunú na Náisiún Aontaithe. Ba é Uachtarán Thionól Mhór na Náisiún Aontaithe é sna blianta 1948-49 agus bhí lámh aige freisin i ndréachtadh Fhógra Uilíoch na gCearta Daonna (1948). Ba é an chéad chathaoirleach de Choimisiún Fuinnimh Adamhaigh na hAstráile é. Tar éis thoghchán na bliana 1946 ba é leascheannaire Pháirtí an Lucht Oibre é.

Ceannaire an Fhreasúra[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1949 chloígh páirtí nua Robert Menzies, an Páirtí Liobrálach, an tALP, agus cailleadh Ben Chifley sa bhliain 1951 – dhá rud a rinne ceannaire an Fhreasúra d’Evatt. D’éirigh leis milleadh faoin iarracht a rinne an rialtas ar Pháirtí Cumannach na hAstráile a chosc trí reifreann, ach theip air i dtoghchán feidearálach na bliana 1954. Cháin sé na Grúpaí Tionsclaíocha, baicle fhrith-Chumannach faoi anáil Chaitliceach, faoin díomua, agus shíl sé freisin gur bhain Menzies tairbhe as an tseirbhís rúnda chun áitiú ar thaidhleoir Sóivéadach éalú agus míchlú a tharraingt ar Evatt féin mar spiaire.

Nuair a d’ionsaigh Evatt na Grúpaí go poiblí scoilt a pháirtí, agus bhunaigh na heasaontóirí páirtí nua dar theideal Páirtí Daonlathach an Lucht Oibre (Democratic Labor Party – DLP), a thug a chuid vótaí dara tosaíochta (preference votes ) do na Liobrálaigh. Chuidigh seo leis an ALP a chloí sna blianta 1954 agus 1958, cé gur thairg Evatt éirí as dá bhfillfeadh an DLP abhaile – tairiscint gan toradh.

Breitheamh de chuid Chúirt Uachtarach NSW[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1960 cheap rialtas an ALP in NSW Evatt mar Príomh-Ghiúistís na Cúirte Íochtaraí in NSW. Thug seo deis dó cúl a thabhairt le cúrsaí polaitíochta, ach níor tharraing sé aon chlú mór air féin sa phost, agus tá sé ráite gur chomhscríobh sé a chuid breitheanna le giúistís eile.[3]

Sa bhliain 1962 d’fhulaing Evatt cliseadh néarach agus d’éirigh as a phost. Cailleadh é i gCanberra, an phríomhchathair fheidearálach, i Mí na Samhna 1965. Deirtear go raibh sé á iompar féin níos aistí faoin am sin, agus gur artaraiscléaróis ba chúis leis.[4]

A chuid leabhar[athraigh | edit source]

Scríobh sé a lán leabhar ar cheisteanna difriúla, agus tá suim fós sa chuntas a thug sé ar an “Rum Rebellion” (ceannairc cháiliúil oifigeach i gcoilíneacht New South Wales), cé nach n-aontaíonn gach duine lena chuid tuairimí.[5] Ag seo liosta dá chuid leabhar:

  • H. V. Evatt, Australian Labour Leader: The Story Of W.A. Holman and the Labour Movement, 1954
  • H. V. Evatt, The King and His Dominion Governors, 1936
  • H. V. Evatt, The Royal Prerogative, 1930 (tráchtas LLD)
  • H. V. Evatt, Rum Rebellion: A Study of the Overthrow of Governor Bligh by John Macarthur and the New South Wales Corps, 1943

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Owen Dixon, Dialann, 29 Aibreán 1937, Owen Dixon, Páipéir Phearsanta, mar a luaitear Australian Woolen Mills Ltd v F.S. Walton & Co. Ltd (1937) 58 CLR 641.
  2. Kisch, Egon (1937), Australian Landfall, London, Secker & Warburg. John Fisher agus Irene agus Kevin Fitzgerald a d’aistrigh.
  3. T Hughes QC, Article, 'Bar News (Winter 2006), p 59
  4. Gerard Henderson, ‘Labor in denial about Evatt, its flawed hero’ The Age, 12 Aibreán 2005
  5. Michael Duffy, ‘Proof of history's rum deal’ Sydney Morning Herald, 28 Eanáir 2006

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Buckley, Ken et al. (1994), Doc Evatt, Cheshire, Melbourne
  • Crockett, Peter (1993), Evatt: A Life, Oxford University Press, Melbourne
  • Dalziel, Allan (1967), Evatt. The Enigma, Lansdowne Press, Melbourne
  • Makin, Norman (1961), Federal Labour Leaders, Union Printing, Sydney, New South Wales, lgh 140-145.
  • Renouf, Alan (1983), Let Justice Be Done: The Foreign Policy of Dr H.V. Evatt, University of Queensland Press, St Lucia (Queensland)
  • Tennant, Kylie (1970), Evatt. Politics and Justice, Angus and Robertson, Sydney

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]