Gwenwynwyn ab Owain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas Gwenwynwyn ab Owain

An rialtóir deireanach de chuid lár na Breataine Bige roimh dheireadh na hionradh Normannaigh ab ea Gwenwynwyn ab Owain Cyfeiliog (a chailleadh circa 1216).

Sinsir[athraigh | edit source]

Garmhac le hOwain Gwynedd ab ea é, a bhí i réimeas faoi Powys Theas ón mbliain 1195, tar éis sheilbh a ghlacadh óna athair, Owain Cyfeiliog.

Comhrac le Llywelyn Mór[athraigh | edit source]

Nuair a ghlac sé seilbh ar Phowys Wenwynwyn, chuaigh sé i gcomhrac le Llywelyn Mór, rialtóir Gwynedd, a raibh dúil aige a dhlínse féin a leathnú faoi na Breataine Bige go hiomlán.

Comhrac le Eoin, Rí Shasana[athraigh | edit source]

Bhí Eoin Shasana i bhfabhar do Gwenwynwyn go rinneadh comhaontas pósta idir Llywelyn agus iníon tabhartha Shéain. Bhí síocháin eatarthu ina dhiaidh sin go dtí 1208. Mar thoradh ar ghníomhiochtaí Gwenwynwyn, ghlac Seán seilbh arna thailte agus thugadh cead do Llywelyn Ceredigion agus Powys a ghoid.

Ní thugadh a chuid thailte ar ais go ceann dhá bhliain, ach mar gheall ar an ndoicheall a bhí aige don Sasanaigh, chuaigh sé i gcomhaontas le Llywelyn, a mhair ó 1212 go dtí 1216, nuair a thug Seán roinnt thailte de chuid Gwenwynwyn ar ais dó. Dá bharr sin, thit na prionsaí Breatnacha as a gcéile arís.

Bás agus Comharbhacht[athraigh | edit source]

Rinne Llywelyn ionradh ar Phowys,agus creidtear gur d’éag Gwenwynwyn sa bhliain chéanna. Maireadh lena mhac Gruffydd ap Gwenwynwyn é, ar a gcuirtear an locht do bhás Llywelyn Deireanach, an prionsa dúchasach deireanacha de chuid na Breataine Bige.