Guugu Yimidhirr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Guugu Yimidhirr
(Guugu Yimithirr)
Á labhairt: san Astráil
Réigiún: Queensland
Cainteoirí san Iomlán: 200-300
Rang: Ní sa chéad 100
Líne ghinealaigh: Pama-Nyungan
 Guugu Yimithirr
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Níl sí ina teanga oifigiúil
Foras Pleanála Teanga: Níl aon rialtóir ann
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 ~
ISO 639-2 aus
ISO 639-3 kky
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is teanga Astrálach é Guugu Yimidhirr. Tá sé mar theanga ag muintir Guugu Yimidhirr, atá ina gcónaí in aice le Cooktown i dtuaisceart Queensland.

Gramadach[athraigh | edit source]

Cosúil le teangacha Astrálacha eile, tá moirfeolaíocht áinsíoch ag forainmneacha Ghuugu Yimidhirr ach tá moirfeolaíocht oibríoch ag ainmfhocail eile. Is é sin le rá, tá an fhoirm chéanna ag ábhar bhriathair neamhaistrigh le hábhar bhriathair aistrigh más forainm é an t-ábhar, ach an fhoirm chéanna le cuspóir bhriathair aistrigh más ainmfhocal é.

Cibé ceann d'fhorainmneacha nó ainmfhocail a úsáidtear, is é gnáth-ord na habairte ná Ábhar Cuspóir Briathar, ach is féidir ord focail eile a úsáid chomh maith.

Samplaí[athraigh | edit source]

Tagann an focal Béarla kangaroo ó Ghuugu Yimidhirr gangurru (/ɡaŋʊrʊ/).