Gustav Krupp

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tionsclaí a rugadh sa Háig ab ea Gustav Krupp (Gustav von Bohlen und Halbach, 1870-1950). Phós sé Bertha Krupp (1886-1957) agus ghlac a sloinne. Rinne comhlacht Krupp an gunna ollmhór fadraoin (ar tugadh Bertha Mhór mar leasainm air) d'arm na Gearmáine le Páras a phlancadh sa chéad chogadh domhanda. Thug sé airgead do Hitler, agus chabhraigh le hatharmáil rúnda na Gearmáine roimh an dara cogadh domhanda. I ndiaidh an chogaidh, bhris na Comhghuaillithe ollchomhlacht Krupp ina codanna.