Gurd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cineálacha gurd atá coitianta i ngairdíní agus siopaí inniu

Tugtar gurd ar chuid mhaith ball d'fhine na Cucurbitaceae, go háirithe sna géinis Cucurbita agus Lagenaria ach uaireanta i ngéinis eile chomh maith. Bíonn na torthaí crua is an craiceann adhmadach, ar chruthanna is dathanna éagsúla. Is féithleoga reatha nó dreaptha le teannóga iad uile, le duilleoga maothánacha bosacha, bláthanna tonnadóirchruthacha, agus torthaí cruinne, piorra-chruthacha nó buidéalchruthacha. Ina measc tá guird mhaisithe le bláthanna buí, atá dúchasach do Mheiriceá, agus an buidéalghurd nó calbás.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gurd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 337.