Guido Westerwelle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Guido Westerwelle
Westerwelle Bundesparteitag.jpg

Leas-Seansailéar na Géarmáine
In oifig
28 Deireadh Fómhair 2009 - inniu
Réamhtheachtaí: Frank-Walter Steinmeier
Comharba: (i seilbh oifige)

Aire Gnóthaí Eachtra na Gearmáine
In oifig
28 Deireadh Fómhair 2009 - inniu
Réamhtheachtaí: Frank-Walter Steinmeier
Comharba: (i seilbh oifige)

Dáta breithe 27 Nollaig 1961
  Bad Honnef, An Ghearmáin
Páirtí FDP

Is polaiteoir Gearmánach é Guido Westerwelle (rugadh 27 Nollaig 1961). Tá sé ina leas-sheansailéir agus ina aire gnóthaí eachtracha na Gearmáine ó 28 Deireadh Fómhair 2009.

Cúlra agus Oideachas[athraigh | edit source]

Ba dhlíodóirí iad a bheirt tuismitheoirí. Bhain sé céim sa dlí amach ó Ollscoil Bonn sa bhliain 1987. Cáilíodh é mar abhcóide sa bhliain 1991. Bhain sé dochtúireacht sa dlí amach ó Ollscoil Hagen sa bhliain 1994. Ón bhliain 1991 ar aghaidh, d'oibrigh sé mar abhcóide.

An Pholataíocht[athraigh | edit source]

Bhí sé ina uachtarán ar na "Liobaireálaigh Óga", an eagraíocht óige FDP, Páirtí Liobaireálach Daonlathach, ó 1983 go 1988 agus ansin glacadh mar bhall den FDP buan é. Bhí sé ina rúnaí ginearálta ar an FDP ó 1994 go 2001. Toghadh é chun an Bundestag sa bhliain 1996 agus ceapadh é mar cheannaire an FDP, i gcomharbacht ar Wolfgang Gerhardt, sa bhliain 2001. Bhí toradh iontach maith ag an FDP san Olltoghchán i 2009 agus dá bharr sin, rinneadh comhrialtas idir an CDU, an CSU agus an FDP le Angela Merkel mar sheansailéir agus Guido Westerwelle mar leas-sheansailéir. D'éirí sé as mar cheannaire an FDP ar 13 Bealtaine 2011 tar éis míshátstacht leis agus conspóid faoina cheannaireacht i measc baill a pháirtí.

A Shaol Pearsanta[athraigh | edit source]

Chuir sé an pobal i gcoitinne ar an eolas go raibh sé aerach ag cóisir le ceiliúradh an caogú lá breithe ag Angela Merkel sa bhliain 2004. Tá an céile céanna aige, Michael Mronz, le fada an lá.