Guaraná

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Liana adhmadach le teannóga cornaithe, duilleoga cosúil le raithneacha, agus bláthanna beaga cúigpheitealacha i gcrobhaingí. Dúchasach do Mheiriceá trópaiceach, agus saothraítear é sa Bhrasaíl. Cuid mhaith caiféine sna síolta, agus baintear úsáid as, cosúil le síolta cócó, chun deoch a dtugtar guaraná uirthi a dhéanamh.