Guaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is baile margaidh i dtuaisceart Chontae Loch Garman é Guaire (Béarla: Gorey), ar bhóthar N11 idir Baile Átha Cliath agus Loch Garman. Tá ceangal bóthar iarann freisin comhthreomhar leis seo.

Cúig chiliméadar ón mbaile tá Baile na Cúirte, ionad saoire le trá dheas, a dtagann cuairteoirí chuige as Baile Átha Cliath agus as bailte móra eile sa taobh sin tíre.

Bhí cónaí ar an údar Diarmaid Ó Súilleabháin sa bhaile ar feadh na mblianta go dtí gur éag sé i 1985. Bhí sé ina mhúinteoir i Scoil na mBráithre. Ba é Baile na Cúirte an múnla a bhí aige do Bhailethaca san úrscéal Maeldún, aor géar faoi staid na tíre sna seascadaí.

Is as Guaire freisin do Paul Funge ealaíontóir a rinne cuid de na clúdaigh ar leabhair Dhiarmada Uí Shúilleabháin.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile