Gruffydd ap Gwenwynwyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGruffydd ap Gwenwynwyn
Beathaisnéis
Breith13 haois
Bás1286 (Féilire Ghréagóra)
Áit adhlacthaShropshire Cuir in eagar ar Wikidata
Powys Wenwynwyn
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalPrionsa Cuir in eagar ar Wikidata
CéileHawise Lestrange Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteOwen de la Pole, Llywelyn ap Gruffudd ap Gwenwynwyn, Dafydd ap Gruffudd ap Gwenwynwyn ab Owain, Margred 'de La Pole' na Breataine Bige, Gwilym ap Gruffudd ap Gwenwynwyn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGwenwynwyn  agus Margred ferch Rhys ap Gruffudd ap Rhys

Prionsa Breatnach de chuid Powys Wenwynwyn ab ea Gruffydd ap Gwenwynwyn (a chailleadh circa 1286).

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le Gwenwynwyn ab Owain agus Margaret Corbet a bhí i nGruffydd. Bhí sé ina pháiste nuair a chailleadh a athair, agus é ina dheoraíocht sa bhliain 1216 (díbríodh é as a phrionsacht ag Llywelyn Mór as Gwynedd). Chaith sé a leanbaíocht i Sasana, faoi chomaoin an rí, agus níor fhill sé chuig na Breataine Bige gur d’éag Llywelyn. Nuair a chuireadh iachall ar Dafydd ap Llywelyn chun síochána a dhéanamh le hAnraí III Shasana sa bhliain 1241, thugadh seilbh ar fhormhór thailte a athar dó, ag tabhairt ómós d’Anraí de dheasca sin. Pósadh le Hawise, iníon John Lestrange as Knockin é ag an dtaca seo.

Comhrac le Llywelyn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a mhéadaíodh cumhacht Llywelyn Deireanach sa Bhreatain Bheag ón mbliain 1255 ar aghaidh, lean ar Gruffydd tacaíocht ag tabhairt do Choróin Shasana, agus díbríodh é i ndeoraíocht arís. D’aistríodh a dhílseacht chuig Llywelyn sa bhliain 1263 tar éis bhagairtí a fháil as. Dearbhaíodh dílseacht Gruffydd le Conradh Montgomery sa bhliain 1267. Sa bhliain 1274, bhí Gruffydd, a bhean chéile Hawise agus mac Owain páirteach le comhcheilg dhéarthair Llywelyn, Dafydd ap Gruffydd chun Llywelyn a mharú. I dteannta Llywelyn a bhí Dafydd ag an t-am sin, agus beartaíodh go dtíocfadh Owain agus buíon gaiscíoch leis ar an 2 Feabhra, chun an ghníomh a chur i gcrích. Áfach, séanadh é de dheasca stoirm shneachta. Ní bhfuair Llywelyn na sonraí na gcomhcheilg go léir go ceann cúpla mí, nuair a d’admháil Owain í le hEaspaig Bangor. Dúirt sé go raibh ar intinn acu Dafydd a bheith ina phrionsa Gwynedd, agus ina dhiaidh sin, thabharfadh Dafydd tailte do Gruffydd. Nuair a fuair Llywelyn na sonraí go léir, sheoladh toscairí chuig Y Trallwng chun Gruffydd a fháil, ach theith Gruffydd chuig Sasana. Chuir sé faoi i Shrewsbury agus baineadh é mar cheanncheathrú chun ruathair a dhéanamh ar thailte Llywelyn. Tar éis chogadh an bhliain 1277, nuair a ghéilleadh thailte Llywelyn lasmuigh ar Gwynedd, thugadh a chuid thailte do Gruffydd arís. Ina dhiaidh seo, ghlac sé páirt i gconspóid le Llywelyn faoi cheantar Arwystli. Bhí fonn ar Llywelyn an scéal a phlé faoi dhlí na Breataine Bige, ach b’fhearr le Gruffydd dlí Shasana a úsáid (le tacaíocht Éadbhard I Shasana).

Thug Gruffydd tacaíocht d’Éadbhard sa chogadh deiridh sa bhliain 1282, cé go raibh sé ina sheanfhear anois. Is féidir go raibh Owen, an mac is sine do Gruffydd, páirteach i mbás Llywelyn ag Cilmeri i mí na Nollag 1282.

Bás, agus Deireadh na Prionsachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag deireadh Chogadh na Breataine Bige (1282-1283), cuireadh prionsacht Powys Wenwynwyn ar ceal, agus ghlac an teaghlach sloinne nua, ‘de la Pole’, a chiallaíonn “as Poole”, tagairt do phríomháit na dteaghlach ag Poole (‘Welshpool’ i mBéarla sa lá atá ann inniu - 'Y Trallwng' i mBreatnais). Tháinig eastát Gruffydd faoi smacht a mhic Owen tar éis 1283, agus cailleadh é idir Feabhra 1286 agus deireadh na bliana 1287.