Grianstad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An dá lá den bhliain a soilsíonn an Ghrian níos faide (grianstad samhraidh sa leathsféar thuaidh, timpeall 21 Meitheamh) nó níos giorra (grianstad geimhridh sa leathsféar thuaidh, timpeall 22 Nollaig) ná aon lá eile i rith na bliana. An dá lá ag a mbíonn an Ghrian ag foircinn thuaidh is theas a haistir dhealraithigh sa spéir. De bhrí go bhfuil ais an Domhain claonta le plána a fhithise timpeall na Gréine a tharlaíonn na grianstadanna. Sa leathsféar theas, is ar 21 Meitheamh a bhíonn an grianstad geimhridh agus an grianstad samhraidh ar 22 Nollaig.