Gramadach na Fionlainnise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

gramadach na Fionlainnise bunaithe ar an táthú. Is é sin, is gnách iarmhíreanna éagsúla a úsáid in áit na bhfocal scoite.

Is féidir an prionsabal seo a ghléiniú le cúpla sampla:

  • Fionlainnis: "Olen kirjoittamaisillani artikkelin Wikipediaan"
  • Gaeilge: "Tá mé ar tí alt a scríobh ar an Vicipéid"

Anailís ar an sampla:

  • ol-
  • -en
  • kirjoitta- scríobh
  • -ma- a
  • -isi-
  • -lla- ar
  • -ni
  • artikkeli alt
  • -n iarmhír a thaispeánann gurb é an tuiseal cuspóireach - cuspóir an ghnímh - atá againn anseo
  • Wikipedia- (an) Vicipéid
  • -an ar (nó "isteach i", le bheith beacht barainneach).

Tá saibhreas ar leith ag baint leis an mbriathar, a bhfuil an dúrud foirmeacha infinideacha aige:

  • juosta rith
  • juostakseen le rith, le bheith ábalta rith
  • juoksemaisillaan ar tí rith
  • juosten agus mé/tú/...ag rith

agus leis an ainmfhocal, agus an oiread tuiseal atá aige:

  • auto gluaisteán
  • auton gluaisteáin, an ghluaisteáin (tuiseal ginideach)
  • autoa (cuid) den ghluaisteán
  • autolla ag an ngluaisteán, ar an ngluaisteán
  • autolta ón ngluaisteán
  • autolle don ghluaisteán, i dtreo an ghluaisteáin
  • autoksi (le bheith) ina ghluaisteán, (ag iompú) ina ghluaisteán, (ag claochlú) go gluaisteán
  • autona (tá sé) ina ghluaisteán, i ról an ghluaisteáin
  • autossa istigh sa ghluaisteán

Cé go bhfuil sé deacair ag an bhfoghlaimeoir na míreanna seo uile a úsáid, is gá cuimhne a choinneáil air gur imir na teangacha Ind-Eorpacha, go háirithe na teangacha Gearmáinice ina timpeallacht an-tionchar ar úsáid na Fionlainnise, agus, ainneoin shaibhreas na bhfoirmeacha, níl sé dodhéanta cuid mhór de ghramadach na Fionlainnise a mhíniú i dtéarmaí na gramadaí traidisiúnta atá bunaithe ar ghramadach na Laidine.