Graibheatón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An bunaonad nó an candam hipitéiseach a iompraíonn an fórsa imtharraingthe, díreach mar a iompraíonn an fótón an leictreamaighnéadas, an glúón an fórsa núicléach láidir, agus an bósón veicteora an fórsa núicléach lag. Cuireann teoiric chandamach na himtharraingthe graibheatóin i gcás, ach níor braitheadh graibheatón riamh fós. Mais 0, guairne 2, agus lucht 0 atá aige. Ní hionann is fótóin, idirghníomhóidh graibheatóin le chéile, rud a fhágann gur deacair imtharraingt chandamach a fhoirmliú.