Gránbharr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaGránbharr
Bunús
Gastranómachaiscereals and pseudocereals (en) Aistrigh
TáirgeoirPoaceae
Sonraí
Cineálgrán, amhábhar agus comhábhar bia

Féir a iompraíonn gráinní a sholáthraíonn príomhbhianna don chuid is mó de phobal an Domhain. Is mó go mór na gráinní uathu ná ó na speicis eile féir, sinsir fhiáine na ngránbharr ina measc, agus cuimsíonn siad a lán próitéiní is carbaihiodráití. 8 bpríomhghránbharr atá ann: rís, cruithneacht, coirce, eorna, seagal, sorgum, muiléad, agus arbhar Indiach. Tá roinnt eile a fhástar faoi chúinsí nach mbíonn fabhrach do na príomhchineálacha. Díorthaíodh iad uile ó speicis fhiáine, agus ba chéim chinniúnach i stair an duine a gceansú, rud a rinneadh timpeall 10,000 bliain ó shin i gcás na ríse is na cruithneachta. Tháinig slite beatha níos socaire chun cinn ná mar a bhíodh nuair ba ghá na gráinní fiáine a bhailiú. Thosaigh feirmeoireacht, sochaithe, agus sibhialtachtaí a bhí bunaithe ar ghránbharra. Saothraíodh is feabhsaíodh póir na ngránbharr freisin, ionas gur fíorchasta a bhforbairt anois, le póir ar leith d'aeráidí éagsúla, agus póir le friotaíocht láidir i gcoinne galar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gránbharr". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 330.