Gormaistriú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iarmhairt réalteolaíochta mar gheall ar iarmhairt Doppler i gcás solais ó rinn spéire atá ag druidim i dtreo an Domhain, rud a mhéadaíonn minicíocht (agus a laghdaíonn tonnfhad) an tsolais a shroicheann an Domhan. Maidir leis an solas infheicthe ón rinn, aistríonn sé seo a speictream don taobh gorm. Is annamh a fheictear a leithéid, de bhrí go bhfuil na réaltraí uile, beagnach, ag forleathnú amach uainn, agus mar sin ag léiriú deargaistrithe dúinn.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gormaistriú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 328.