Gonairith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionfhabhtú géar na conaire giniúnaí ag an mbaictéar Neisseria gonorrhoeae, a fhaightear trí chomhriachtain le duine ionfhabhtaithe. Fulaingíonn an fireannach sileadh ón bpéineas, agus pian le linn fual a dhéanamh. Uaireanta, tarlaíonn caolú an úiréadra mar gheall ar choilm ón neamhord. Is féidir go bhfulaingeoidh an baineannach sileadh ón bhfaighin, ach uaireanta, ní bhíonn siomtóim uirthi. Is féidir go dtarlóidh athlasadh is coilm sna feadáin útaracha, áfach. Is féidir an t-ionfhabhtú a tharchur do leanbh ag a bhreith, agus cuireann sé sin tús le toinníteas dian sa naíonán nuabheirthe. Is féidir é a sheachaint trí úsáid coiscín le linn comhriachtana. Déantar í a chóireáil le dáileog amháin peiniciline.