Gnéaschrómasóm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crómasóm, difriúil sa bhfireannach is sa bhaineannach, atá freagrach as gnéas na hindibhide a chinneadh. An gnéas a iompraíonn dís homalógach gnéaschrómasóm (XX), is homagaiméiteach é. An gnéas le dís gnéaschrómasóm difriúil (XY) nó neamhphéireáilte (X), is ilghaiméiteach é. Iompraíonn gach gaiméit den ghnéas homagaiméiteach X-chrómasóm amháin. Iompraíonn leath na ngaiméití den ghnéas ilghaiméiteach X-chrómasóm, agus an leath eile Y-chrómasóm, nó ní iompraíonn gnéaschrómasóm ar bith. Sa duine, is baineann an gnéas homagaiméiteach agus fireann an gnéas ilghaiméiteach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gnéaschrómasóm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 325.