Gluaisrothar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suzuki GS500.

Bíonn dhá roth faoin ngluaisrothar agus cosúlacht aige leis an rothar, ach gur troime é agus go mbíonn inneall ann a chuireann ag gluaiseacht é. Is féidir siúl an-mhear a bhaint as. De ghnáth is féidir le beirt taisteal ar ghluaisrothar - bíonn an rothar faoi stiúir an duine chun tosaí agus beireann an duine eile greim ar lámhghreimeanna chun fanacht socair ar an ndiallait fad is atá siad ag taisteal.

Mar gheall gur féidir le gluaisrothar taisteal chomh tapa sin, bíonn rásaí gluaisrothair ann.

De réir an dlí, ní mór ceadúnas tiomána a bheith ag duine chun gluaisrothar a thiomáint agus caithfear clogad a chaitheamh fad is atá duine ag taisteal ar ghluaisrothar.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]