Gloine ED

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gloine optúil ar leith le spré an-íseal solais, de thoradh fluairít a bheith inti. I ngnáthghloine optúil, spréitear solas bán i ndathanna uile an speictrim. I bhfeidhm fhótagrafach, muna ndeartar an lionsa chun na dathanna (tonnfhaid) éagsúla — mar shampla, an dearg is an gorm — a fhócasú ar chomhfhócas (ceartú crómatach), beidh an íomhá dhaite geamhach. Is féidir lionsaí neamhchrómacha a dhéanamh le gloine ED, a bhfeidhmiú a fheabhsú is a méid a laghdú i gcomhair grianghrafadóireachta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gloine ED". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 322.