Gloine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 20:57, 26 Márta 2015 le Dexbot (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Uisce i ngloine

Is éard atá sa ghloinesolad dímhorfach trédhearcach a ndéantar pánaí fuinneoige agus soithí bia as. Nuair a thráchtar ar ghloine gan a bheith ag sainiú cén cineál gloine atá i gceist, is í an ghloine sóide agus aoil a bhíonn i gceist, is é sin, gloine a bhfuil an tsileacáit sóidiam dhímhorfach ar an gcomhábhar is tábhachtaí di. Déantar gloine tríd na comhábhair (sóid - is é sin, carbónáit sóidiam -, aol, dolaimít, dé-ocsaid sileacain, ocsaíd alúmanaim, agus beagáinín den tsulfáit sóidiam nó den chlóiríd sóidiam) a théamh i bhfoirnéis suas go 1675 °C. Is féidir dath a chur sa ghloine le breiseáin éagsúla. Mar shampla, cuirtear ocsaíd iarainn leis an meascán le dath ruadhearg a fháil. Is minic a úsáidtear mianraí nádúrtha in áit ceimiceán glan - tróna in áit na sóide, gaineamh in áit na dé-ocsaíde sileacain, nó iathchloch, a bhfuil idir shileacáit, alúmanam, agus cailciam ann.

Tá páirt ríthábhachtach ag an ngloine sa tionsclaíocht agus san eolaíocht araon. Tugtar gloine leacaithe ar an gcineál a ndéantar pánaí fuinneoige as. Maidir leis na soithí is na coimeádáin, séidtear suas ina mboilgeoga gloine leáite iad ar dtús le múnla a chur ina dtimpeall ansin chun an cruth ceart a fháil. Is féidir úsáid a bhaint as snáithíní gloine leis an bplaisteach nó an choincréit a neartú.

Cé go bhfuil an ghloine sobhriste, tá sí sách díonta ar imoibrithe láidre ceimiceacha, cosúil leis na haigéid agus na bunanna. Is iad an fluairín agus an fhluairíd hidrigine is réidhe a chreimeann í, ach is féidir aigéad nítreach agus aigéad sulfarach a choinneáil i dtaisce i gcoimeádáin ghloine.