Glenrowan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGlenrowan

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 36°28′00″S 146°14′00″E / 36.4667°S 146.2333°E / -36.4667; 146.2333
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán963 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde232 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3675 Cuir in eagar ar Wikidata

Baile beag de chuid Cheantar Rialtas Áitiúil Wangaratta, i Victoria na hAstráile is ea Glenrowan. Tá an baile suite 184 km soir ó thuaidh ón bpríomhchathair, Melbourne, 14 km ó Wangaratta, agus cóngarach do Shliabhraon Warby agus Sliabh Glenrowan. Sa daonáireamh sa bhliain 2006, bhí 952 daoine ina gcónaí ann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thugtaí Glenrowan ar an mbaile i ndiaidh na feirmeoirí James agus George Rowan, ceannródaithe a thug faoin feirmeoireacht idir na blianta 1846 agus 1858. Bhí an ceantar lonnaithe i ndeireadh na 1860í, agus d’osclaíodh Oifig an Phoist ar 22 Feabhra 1870.[1] Tá clú agus cáil ar an mbaile de thaisme Ned Kelly, ceithearnach coille, a gabhadh ann sa bhliain 1880 tar éis léigear gearr a cuireadh ar Kelly agus a bhaicle ag na bpóilíní. D’oscail an stáisiún traenach áitiúil sa bhliain 1874, agus dhruid sé sa bhliain 1981.[2]

An Baile Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stopann a lán daoine i nGlenrowan, agus iad ag tiomáint ar Motarbhealach Hume. I mbailecheantar Glenrowan, is féidir le turasóirí a scith a ligint, nó dul ar shiúlóid chun suíomhanna a bhaineann le léigear Kelly a fheiscint.

Tá foireann pheil Astrálach sa bhaile, a ghlacann páirt sa comórtas atá ag Cumann Pheil Ovens agus King.

Leabhair faoin gceantar agus Ned Kelly[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair

Cé nach bhfuil i nGlenrowan ach baile beag, tá mórán scríofa faoin léigear deireanach den Bhaicle Kelly san áit. Cé go bpléitear comhrac sóisialta agus rogha talún iontu, tá a lán sonraí, grianghraif, léarscáileanna agus fíricí faoi Glenrowan sa bhliain 1880.

  • Kenneally, J. J. The Inner History of the Kelly Gang, 1929.
  • Brown, Max. Australian Son, Georgian House, Melbourne, 1948.
  • Carey, Peter, True History of the Kelly Gang, Vintage, 2001.
  • Cave, Colin (ed.) Ned Kelly Man and Myth, Cassel North Melbourne, 1963.
  • Jones, Ian. Ned Kelly: A Short Life, Lothian, Port Melbourne, 1995.
  • Prior, Tom. et al., A Pictorial History of Bushrangers, Paul Hamlyn, Sydney, 1968.
  • Molitorisz, Sacha. The Romance of Robbery: Australian Bushrangers, Murray David, French Forest, 1998, ISBN 1-876411-01-5
  • McQuilton, John. The Kelly Outbreak 1878-1880, Melbourne University Press, 1979.
  • Phillips, John, The Trial of Ned Kelly, The Law Book Company, North Ryde, 1987.
  • Clune, Frank. The Kelly Hunters, 1954.
  • Osborne, Charles. Ned Kelly, Sphere Books, London, 1970.
  • Sadlier, John, Recollections of a Victorian Police Officer, (1913 [Penguin Colonial Facsimiles Ringwood, 1973]).

Dramaí

  • Stewart, Douglas. Ned Kelly, 1943.

Scannáin teilifíse

  • The Last Outlaw (1980)

Urscéalta atá suite i nGlenrowan

  • O'Brien, Antony. Bye-Bye Dolly Gray, Artillery Publishing, Hartwell, 2006.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Premier Postal History, Post Office List (Béarla)
  2. Keith W. Turton, "Six and a Half Inches from Destiny" (Australian Railway Historical Society (Victorian Division), 2007), l. 102. (Béarla)