Gleann Cuilinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gleann Cuilinn
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Dublin Magnified.png
Daonra (2006) 13006
Airde: 276 m
Contae: Contae Bhaile Átha Cliath
Cúige: Laighin
Droichead Ghleann Cuilinn

Sráidbhaile i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath na hÉireann is ea Gleann Cuilinn (Béarla: Glencullen). Baile Fearainn é i ndeóise sibhialta Chill Tiarnáin, atá i mBarúntach agus Aontas Dhlí na mBocht Ráth an Dúin, ceantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá an sráidbhaile lonnaithe ar an R116, 276 méadar os cionn na farraige (906 troigh). Tá sé bhaile fearainn ann, mar atá; Baile an Rí/​Kingston An Baile Breac, Béarla: Ballybrack, An Baile Nua Beag, Béarla: ​Newtown Little, An Baile Nua, Béarla: ​Newtown, Baile Shéamais, Béarla: ​Jamestown, An Ghléib, Béarla: ​Glebe.

Clár ábhair

[athraigh] Logainm

Tá roinnt den tuairim gur as muintir Cullen, atá fós líonmhar go leor ar an mbaile, a ainmníodh an baile, cé gur ón gcrann cuilinn a cheaptar a thagann sé de ghnáth. Tugadh Gleann Chuilinn sa Ghaeilge agus Glancullen as Béarla air, scaití.

[athraigh] Oidhreacht

Tá tuama dinge ón gCré-umhaois ag Baile Éamainn Dhuibh ar fhána oirthir Bhinn Dá Charraig. Tugtar Uaigh an Fhathaigh air go h-áitiúil. Is seomra dronuilleogach é roinnte i dtrí chuid, timpeallaithe ag colbha u-chruthach de dhá bhalla atá líonta le clocha. Rinneadh an tuama a thochailt san 1940idí agus aimsíodh cnámha créamtha, casúr cloiche snasta, breochlocha agus potadóireacht. Is séadchomhartha náisiúnta atá ann.

Laistíos de Bhinn Dá Charraig atá an sainchomhartha tíre de chuid Bhaile Átha Cliath Theas, is é sin Binn Trí Charraig, gona chrainn chumarsáide, roinnt acu atá le feiscint as Gleann Cuilinn.

[athraigh] Siamsaíocht

Radharc de Shráidbhaile Ghleann Cuilinn, agus Tábhairne Johnnie Fox ar dheis

Ag lár an bhaile tá Teach Tábhairne Johnnie Fox a bunaíodh sa bhliain 1798, bliain an Éirithe Amach Éireannaigh a raibh Theobald Wolfe Tone i gceannas air. Maítear gurb é an Teach Leanna Traidisiúnta is airde sa tír é agus creidtear seo go forleathan, cé nach fíor seo. Deirtear gur úsáid ceannairí Éirí Amach na Cásca é mar áit le casadh ar a chéile.

[athraigh] Áiseanna

Tá Leabharlann pháirt-aimseartha lonnaithe i bhfoirgneamh Carnegie a tógadh siar sa bhliain 1907. Tá Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, bunscoil náisiúnta, lonnaithe sa bhaile.

[athraigh] Spórt

Tá an Cumann CLG Réaltaí na hÉireann (Béarla: Stars of Erin) lonnaithe i nGleann Cuilinn. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1903 agus tá an comórtas uile-Éireann do na clubanna buaite acu faoi dhó. Bhuaigh siad Cupán Paddy Mulligan sa bhliain 2010.

Tá galf-chúrsa 9 bpoll agus cúrsa ghalf dhá mhaide 18 poll lonnaithe ar an mbaile.

[athraigh] Iompar

Tá seirbhís de chuid Bus Átha Cliath i nGleann Cuilinn. Téann an bus 44B ón stad Luas i nDún Droma go Gleann Cuilinn.

[athraigh] Litríocht

Déantar mórán tagairtí do Ghleann Cuilinn i leabhar chuimhní cinn Dennis Kennedy, leabhar dar teideal Square Peg[1]

[athraigh] Tagairtí

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile