Giovanni Battista Belzoni

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Giovanni Battista Belzoni (15 Samhain 1778 - 3 Nollaig 1824): taiscéalaí Iodálach.

Giovanni Battista Belzoni

I bPadua na hIodáile a rugadh Belzoni, agus nuair a rinne na Francaigh ionradh ar an Iodáil thug sé a aghaidh ar Londain, áit ar thaispeáin sé féin mar ‘fhear láidir’ ar na haontaí; d’éirigh sé tuirseach de sin agus chuaigh lena bhean chéile agus le searbhónta chun na Spáinne, chun na Portaingéile, chun Málta agus ansin chun na hÉigipte. Sa tír sin bhain sé tairbhe as an eolas a bhí aige ar an innealtóireacht agus bheartaigh caidéil de shaghas nua; ach ba bhocht an díol a bhí orthu, rud a d’fhág i gcruachás é.

Bhí cogadh cathartha ar siúl san Éigipt ag an am, agus tairbhe á bhaint ag beirt i gCaireo as: Henry Salt, consal na Breataine, agus an tIodálach Bernadino Drovetti, consal na Fraince. Mhaoinídís an bheirt feachtais sheandálaíochta agus dhíolaidís na hiarsmaí le hiarsmalanna agus le bailitheoirí, agus ní gan bhrabach é. Bhí pas Briotanach ag Belzoni agus d’fhostaigh Salt é; sa bhliain 1815 iarradh air rud a dhéanamh a bhí beagnach dodhéanta: dul síos an Níl go dtí an Téibh agus busta ollmhór Fárónach (Raimséas II) a thabhairt ar ais. D’éirigh leis gan bhuíochas don saol agus do bhagairt Drovetti.

'Memnon Óg,' Raimséas II, in Iarsmalann na Breataine.

Thoiligh Belzoni le seandachtaí a sholáthar do Salt, agus i gceann cúpla bliain d’aimsigh sé a lán tuamaí ríoga i nGleann na Ríthe; thug sé teampall mór Raimséas II chun solais agus d’oscail teampall Khéphrem i nGíse. Mhéadaigh ar an tsuim a bhí aige in oidhreacht na hÉigipte, agus bhreac sé síos suíomh na ndealbh go cruinn ar na pleananna. D’éirigh idir é féin agus Salt, áfach, cé gurbh é siúd an t-aon duine amháin a d’fhéad íoc as an tochailt. D’fhág Belzoni agus a bhean an Éigipt sa bhliain 1819.

Bhí an-fháilte roimhe i Londain: tháinig iontas ar dhaoine agus iad ag féachaint ar mhacasamhlacha de mhaisiú thuama Séthi I sa Halla Éigipteach i bPiccadilly.[1] Chuir sé cóip den sarcófagas á déanamh agus thug sé leis í mar chuid de thaispeántas gluaiste a chauigh trasna na hEorpa ó Pháras go San Péatarsburg.

Ar an droch-uair, níor fhan an rath air. Chuir sé roimhe foinse abhainn na Nigéire a fháil san Afraic, ach fuair sé bás le dinnireacht i mBéinean in aois a chúig bliana is daichead.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]