Giotto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chéad spásárthach Eorpach, a lainseáil an ESA i 1985 ó Kourou i nGuáin na Fraince chun dul i dteagmháil le cóiméad Halley. Le fírinne, ba chomhoibriú suntasach idirnáisiúnta leis an Aontas Sóivéadach is NASA é. Tharla an teagmháil leis an gcóiméad i 1986, 500 km amach ó chroíleacán an chóiméid. Thóg sé pictiúir agus rinne anailís ar na gáis is an deannach. Mhair an spásárthach tríd an teagmháil agus athdhíríodh é chun teagmháil le cóiméad Grigg-Skjellerup i 1992: rinne sé tomhais ar gháis is deannach an chóiméid sin freisin.