Giolcach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Féar ard le ríosóm a dhreapann i bhfad amach. Faightear í gach uile áit, beagnach. Na gais folláin ingearach, suas le 2-3 m ar airde. An panacal claonta bog neamhlonrach corcra. Cruthaíonn sí sraitheanna ollmhóra i gcorcacha nó uisce tanaí. Úsáidtear í i gcomhair tuíodóireacht ardchaighdeáin.