Gioca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda síorghlas le duilleoga dochta gan ghais a fhásann i Meiriceá Thuaidh is Láir agus sna hIndiacha Thiar. Rud beag cosúil le crann pailme. Stoc gairid ramhar, duilleoga claíomhchruthacha, bláthanna clogchruthacha cumhra bána nó corcra. Siombóis leis an ngioca-leamhan a phailníonn é, a bheireann a huibheacha ar an stiogma, agus a bhfaigheann a larbhaí a shíolta mar bhia. Is giocaí iad crann Iósua, an bheaignit Spáinneach, agus an mhiodóg Spáinneach.