Gineadóir Van de Graaff

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Inneall chun ardvoltas a chruthú a d'fhionn Robert Van de Graaff i 1931. Tá beilt rubair ann ag rothlú ar dhá rollán, rollán plaisteach ag an mbarr is rollán miotalach ag an mbun. Luchtaítear an bheilt go diúltach ag an mbarr de bharr cuimilt i gcoinne an rolláin phlaistigh, agus luchtaítear an rollán sin go dearfach. Nuair a thagann an bheilt chun deireadh a taistil, léimeann na leictreoin dhiúltacha ón mbeilt go dtí sraith biorán talmhaithe gar don bheilt, agus díluchtaíonn sé seo an bheilt. Ansin is an bheilt ag imeacht ón rollán miotalach, éiríonn sí dearfach (trí leictreoin a chailliúint don rollán miotalach) de bharr cuimilt leis an rollán sin. Ag an mbarr arís tá sraith biorán ceangailte trí shreang sheoltach le cruinneachán miotalach inslithe, agus léimeann leictreoin ón gcruinneachán trí na bioráin chun an bheilt a dhíluchtú arís. Ach cruinníonn lucht dearfach ar an gcruinneachán, agus mar sin méadaíonn voltas an chruinneacháin i leith na talún. Is féidir voltas de na milliúin volta a ghiniúint leis an inneall seo, a saothraíodh ina luasghéaraitheoir a úsáidtear i dtaighde núicléach.